Peil na mBan

Peil na mBan


Bliain iontach dearfach a bhí ann do pheileadóirí an AG arís i mbliana! Ghlac dhá fhoireann páirt i gcomórtais éagsúla. Séasúr fada a bhí ann – ag traenáil gach Máirt go dtí Mí na Bealtaine. Shroich an fhoireann fé 16⅟₂ Craobh na Mumhan. Cluiche den scoth a bhí ann, lán le hiarracht ó chailíní an AG agus chabhraigh an tacaíocht óna gcomhimreoirí ar an taobhlíne go mórmhór mar is gnáth. Faraor,  chailleamar ach éacht ceart cinnte chun an craobh a shroichint! Chaith cailín 1AG lá grianmhar i Mala chomh maith ag Blitz na Muman agus bhíomar buíoch as an uachtar gréine an lá sin! Ar an iomlán, chonacthas forbairt ó thus go deireadh na bliana agus bhaineamar taitneamh as na himeachtaí go léir.  An AG abú!!!