Lúthchleasaíocht

Comhghairdeas le Ciarán Ó Muirthile agus Méabh Ní Dhálaigh!


Ciarán Ó Muirthile is ainm dom. Déanaim lúthchleasaíocht le Carraig na bhFear AC. An rud a dhéanaim ná an rás siúlóide. Thosaigh mé ag déanamh é trí bliana ó shin agus is bréa liom é.

I rith an tsamhraidh, bhí rás ollmhór agam. Bhí sé ar siúl thuas i dTualach Mhór. Bhí craobh na hÉireann ar siúl. An bhliain seo chaite, bhí mé sa rás ceanna ach faraor, tháinig mé isteach sa ceathrú háit. Nuair a shroich mé an staid, bhí mé chomh neirbhíseach. Cheap an phobal siúloide go mbuafainnse an rás ach bhí mé neirbhíseach fós. Sa rás, bhuaigh mé é céad méadar os comhair an duine tar éis mé. Ní raibh mé riamh chomh sásta agus bródúil i mo shaol ar fad. Nuair a thrasnaigh mé an líne, chuir mé mo lámha suas san aer agus thosaigh mé ag léim i ngach áit. Chuaigh mé suas ar an ardán agus cuireadh an bonn óir timpeall mo mhuinéal. Ní dheánfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo.


Méabh Ní Dhálaigh is ainm do magus táim sa 6ú bliain sa scoil seo.  Is lúthchleasaí dáiríre mé agus táim mar bhall den chlub lúthchleasaíochta Carraig Na Bhfear AC le 10 mbliana anuas. An eachtra a dhéanaim ná an bonsach a chaitheamh. Is eachtra deacair agus teicniciúil é ach fós bainim taitneamh as.  I rith an tSamhraidh, chuaigh mé suas chuig Tualach Mhór le haghaidh an craobh Náisiúnta Lúthchleasaíochta.  Tar éis bliana fada ag traenáil, d’éirigh liom an comórtas a bhuachaint! Bhí áthas an domhain orm agus bhí mé an-bhródúil asam féin mar b’é sin an céad uair riamh a bhuaigh mé an comórtas.  Is spórt iontach é lúthchleasaíocht agus mholfainn do gach duine a bhfuil suim acu triail a bhaint aisti.