SLAINTE INTINNE
Chuaigh an idirbhliain go dtí Silversprings chun éisteacht le caint faoi shláinte intinne. Bhí an caint an-mhaith ar fad agus an-tábhachtach do gach duine sa tír agus sa domhan. D’fhoghlaim mé faoi na háiteanna gur féidir leat dul chun cabhair a fháil, agus go bhfuil sé ceart go leor caint faoi shláinte intinne.
Evan Ó Donnabháin
DELPHI RESORT 2017
Chuamar go dtí Delphi i mí na Samhna. D’fhág an bus ag 7:30 chun dul suas go dtí Maigh Eo. Bhí an-chraic againn ar an mbus. Bhíomar ag canadh is ag caint. Ag 12:45 shroicheamar Delphi. Fuair mé mo sheomra, bhí mé i seomra le Shane, Luke agus Luke eile. Gach lá bhí bricfeasta again ag a hocht, ag 9:20 thosaigh an céad gníomhaíocht, ansin ag a haon bhí lón again. Ag a trí a chlog, bhí gníomhaíocht eile. San oíche idir a seacht agus a naoi bhí gníomhaíochtaí eile agus idir a naoi agus a deich bhí gach duine le chéile sa den. Tar éis cúig lá bhíomar an-tuirseach mar bhíomar an-ghnóthach i rith na seachtaine. Nuair a tháinig mé abhaile ar an Aoine ag a seacht, bhí mo thuismitheoirí ann romham. Bhí mé an-sásta iad a fheiceáil.