Spórt

Spórt

Tá baint ollmhór ag spórt le stair na scoile. I measc na hiar-imreoirí Chorcaí a d’fhreastail ar an scoil seo ná Seán Óg Ó hAilpín. Tá timpeall 100 dalta ag imirt iománaíochta sa scoil faoi láthair agus timpeall 12 mhúinteoir ag cabhrú chomh maith. Tá 5 fhoireann ag an scoil ó Fé14 go Fé18.5 agus tá an scoil ag glacadh páirt i gComórtas Corn an Artaigh le 5 bliana anuas anois, éacht iontach do scoil bheag. Ta Craobh na Mumhan Fé15 aus Craobh Chorcaí Fé16 buaite le déanaí chomh maith. Bhí Evan Ó Síocháin agus Dónal Ó Conaing ag imirt le foireann mhionúir Chorcaí i mbliana agus tá roinnt daltaí eile ag imirt le Corcaigh chomh maith ó Fé14 ar aghaidh.  Chomh maith leis sin tá Paul Kelleher ag traenáil foireann cispheile na scoile.

Tá foireann camógaíochta agus foireann peile ag na cailíní.