Camógaíocht

Camógaíocht

Bhí bliain iontach ag na cailíní camógaíochta againne san A.G.  Tá cailiní iontacha an A.G. tar éis bliain dheacair, chrua a chur isteach.  D’oibrigh siad go dian dicheallach, agus tá ard mholadh tuillte acu.  Léirigh siad spiorad iontach agus carachtar thar cuimse.

An Fhoireann fé 16½

I mbliana bronnadh na boinn Fé 16½ ar na cailíní ilchumasacha as ucht  Craobh na Mumhan agus Craobh Chorcaí a bhuachaint .  D’oibrigh siad go dian ag iarraidh greim a choiméad ar an dá chorn.  Léirigh Allie Ní Shúilleabháin  agus Casey Ní Cholmáin go háirithe ceannasaíocht páirce agus foirne agus iad ar thóir an corn a bhreith leo arís.  D’éirigh le cailiní an A.G. cluiche leathcheannais Chraobh Chorcaí a bhaint amach arís.  Comharc an bhradáin a bhí ann ar an lá i gcoinne Charraig Thuathail.  Throid na cailiní go fíochmhar ach faraoir ní raibh an t-ádh leo agus chailleadar an cluiche.  Bhí cailiní in easnamh ar an lá de bharr gortaithe agus níl aon dabht ann ach go mbeidh siad thar n-ais an bhliain seo chugainn, reidh chun tosnú arís.

 

An Fhoireann fé 14 (bliain 1 & 2)

Bhí sár bhliain ag na cailiní seo chomh maith.  Bhuaigh siad cluiche ceannais Chorcaí i gcoinne Cill na Mallach.  Is ionspioráid iad na cailíní seo nach dteipenn orthu  freastal ar sheisiún traenála riamh.  Tá an méid sin feabhais agus dul chun cinn déanta acu ó thosach na bliiana- tá sé dochreidte.  Tá an-chuid imreoirí nua tagtha ar an bhfód nár imir le club riamh.  Cuireadh fáilte iontach rompu agus tá siad tar éis oibriú leis an bhfoireann chun a gcuid scileanna a fheabhsú.  Tá ard mholadh tuillte ag captaen na foirne Emma Ní Chonchúir agus ag leas chaptaen na foirne Shauna Ní Chonaill a mharaigh iad féin ar an bpáirc ar mhaithe leis an bhfoireann.

Maith sibh a chailíní.  Níl aon dabht ach go bhfuil bliain mhór eile le teacht.