Special Education Needs Policy

Polasaí Oideachais Riachtanais Speisialta

 

Nascanna le Ráiteas Misin na Scoile agus Cairt ERST

 

Ráiteas Misin na Scoile

Is scoil chaitliceach í seo do chailíní agus buachaillí faoi iontaobhacht ERST a fhéachann chuige timpeallacht thuisceanach a chruthú ina snoíonn luachanna Chríostaí trí gach gné de shaol na scoile agus go bhfaigheann daltaí agus an fhoireann iomlán sásamh pearsanta ann.

 

Cúig Bhuntréith de chuid scoileanna Éamainn Rís:

  • Creideamh, an spioradáltacht Chríostaí agus luachanna atá bunaithe ar an Soiscéal a chothú
  • An chomhpháirtíocht a chur chun cinn i bpobal na scoile
  • Barr feabhais sa teagasc agus san fhoghlaim a bhaint amach
  • Pobal scoile comhbhách a chruthú
  • Ceannaireacht bhunathraithe chun feabhais a spreagadh

Aidhmeanna:

Féin-mhuinín na ndaltaí a chothú

Rannpháirtíocht gach dalta a chinntiú

Tacaíocht agus seirbhísí  a chur ar fáil chun rannpháirtíocht a chinntiú

Go mbeidh an deis ag gach dalta de réir a gcumas féin  teacht cothrom ar churaclam cuí

Curaclam a oiriúiniú agus straitéis éifeachtacha a chur chun cinn le scoláirí le riachtanais oideachasúla speisialta a mhúineadh ag an dara leibhéal

Eolas agus scileanna múinteoirí a chothú agus traenáil a chur chun cinn

Comhoibriú agus cumarsáid rialta le tuistí/caomhnóirí chun tacú le dul chun cinn na ndaltaí

Go mbeadh an polasaí ceangailte leis an bPlean Uile Scoile

Chun seasamh leis na hachtanna éagsúla atá achtaithe(m.sh. Acht EPSEN 2004,srl)

 

 

 

 

 

An Fhoireann Tacaíocht Fhoghlama :

An Príomhoide,An Leas Phríomhoide,An Múinteoir Tacaíocht Fhoghlama,An múinteoir Treoghairme,Na múinteoirí Achmhainne,Cúntóirí um Riachtanais Speisialta

Ábhar an Pholasaí

 

1.Daltaí le riachtanais oideachasúla speisialta  a aithint mar seo a leanas:

Teagmháil a dhéanamh le bunscoileanna roimh iontráil ag leanúint treoirlínte curtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna,mar shampla:

Aistriú eolais ó dhoiciméid,tuairiscí  a bhaineann leis an dalta (msh. Measúnaithe Síceolaíochta,Pleananna Indibhidiúla Oideachais,Torthaí Scrúdaithe Caighdeánacha  srl) ón mbunscoil chugainne

Teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí ionas go mbeadh níos mó eolais ag an scoil.

Tástáil Caighdeánach agus tástáil diagnóiseach( m.sh.CATS,GRT Teist Leitheoireachta)

Teagmháil a dhéanamh leis an S.E.N.O. faoi achmhainní .

Aiseolas/ Tuairiscí ó mhúinteoirí

 

  1. Taifead ar Eolas agus Monatóireacht ar dhul chun cinn

Measúnaithe Síceolaíochta agus doiciméid príobháideacha á gcoimeád ag an bpríomhoide/leasphríomhoide agus ar fáil don Fhoireann Tacaíocht Foghlama

Torthaí agus eolas mar gheall ar mheasúnú trí shaol an dalta sa scoil á gcoimeád ag an scoil

Eolas a úsáid chun Plean Indibhidiúil Oideachais a chur le chéile .

Foinsí Eolais Eile:

Taifead Cinnirí Bliana/múinteoirí(Tinreamh,Obair Bhaile,Rannpháirtíocht,Iompar),Tuairimí an rangmhúinteora agus múinteoir ábhair,Torthaí Scrúdaithe Inscoile,Rannphairtíocht an dalta,scrúdaithe stáit,cruinnithe tuistí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta

 

  1. Modhanna Tacaíocht Fhoghlama:
  • Ranganna ilchumais ón gcéad bliain ar aghaidh,atmaisféar cuimsitheach,béim ar mhodhanna teagaisc idirdhealaithe ag an múinteoir ábhair
  • Ranganna a scoilt chun tacaíocht níos mó a chur ar fáil do ghrúpaí áirithe daltaí
  • Dalta/daltaí a bhaint den rang do theagasc agus do thacaíocht
  • Comhtheagasc
  • Amchlár dalta a ghearradh de réir na riachtanais atá aige/aici
  1. Socruithe Reasúnacha do Scrúdaithe Stáit:

Measanú agus monatóireacht ar dhaltaí a mbeadh socruithe réasúnacha uatha don Teastas Sóisearach agus don Ardteist,le tosnú ag deireadh 2ú bliain agus 5ú bliain

Comhairle óna múinteoirí ábhair a fháil agus óna cinnirí bliana a fháil

Treoir agus comhairle a fháil ó eagraíochtaí seachtracha bainteach leis an dalta

Obair leis an gCoimisiún Scrúdaithe Stáit chun na socruithe a shocrú.

Príomhrólanna ó thaobh Oideachas Riachtanais Speisialta agus Tacaíocht Fhoghlama:

 

1.Bord Bainistíochta/Bainisteoir

Forbairt,tacaíocht  agus monatóireacht a dhéanamh ar pholasaí scoile maidir le hOideachas Riachtanais Speisialta

Chun cinntiú go gcuirfí iarratas isteach chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ar achmhainní cuí do dhaltaí le Riachtanais Oideachasúla Speisialta

 

  1. An Fhoireann Tacaíocht Fhoghlama:

 

2.1 An  Príomhoide:

Freagracht iomlán as forbairt agus as cur I bhfeidhm an pholasaí

An Fhoireann Tacaíocht Fhoghlama a cheapadh

Iarratas a chur isteach d’uaireanta bhreise agus achmhainní a chabhródh leis an bhfoireann T.F. agus daltaí

Comhoibriú le heagraíochtaí seachtracha m.sh. SENO,N.E.P.S srl.

Seomraí Ranga/Achmhainn/Eolas ón Roinn Oideachais agus Scileanna í a chur ar fáil do mhúinteoirí

Chun  forbairt ghairme  a spreagadh  agus a eagrú do na múinteoirí/C.R.S.’s

Amchlár a dhéanamh do na múinteoirí bainteach le R.O.S/T.F

Cuireadh do chainteoirí  teacht isteach agus ábhar R.O.S. a phlé leis an bhfoireann teagaisc

Cur I láthair an Straitéis do Litearthacht agus Uimhríocht chun foghlaim fadtéarmach a sholáthar

 

 

2.2 An  Leas-Phríomhoide agus An Múinteoir Tacaíocht Fhoghlama:

 

Comhordaitheoirí R.O.S /T.F .

Riachtanais an dalta a mheas leis an múinteoir Treoghairme  ag úsáid eolais ón mbunscoil agus torthaí scrúduithe caighdeánacha(CATS)

Obair leis an bPríomhoide,SENO,Síceolai ó NEPS  chun achmhainní a eagrú( teicneolaíocht Cabhrach a eagrú,meastacháin a eagrú le NEPS.Teagmháil le heagraíochtaí seachtracha eile chomh maith.

Taifead a choimeád dóibh siúd ag fáil uaireanta breise

Nasc a choimead le tuistí/caomhnóirí na ndaltaí seo

Eolas a scaipeadh ar an bhfoireann ó thaobh cúrsaí inseirbhise agus forbairt ghairme de.

Cruinnithe a eagrú don fhoireann ROS/TF

Pleananna Indibhidiúla Oideachasúla a chumadh agus a fhorbairt I gcabhair leis na múinteoirí achmhainne, daltaí,tuistí agus daoine eile I gcoitinne

Má aithnítear daltaí le hardchumais,cuirfear eolas in iúl faoi chúrsaí ar fáil i DCU agus in UCC dirithe ar scoláirí le hardchumais.

Cabhraíonn na comhordaitheoirí le daltaí ag cur iarratais isteach ar ‘Theagasc Baile’.

 

 

2.3 Múinteoir Treoghairme

 

Scrúduithe caighdeánacha a chur ar siúl do lucht na Céad Bliana  ag teacht isteach (CATS)  agus (DATS) do lucht na hIdirbhliana

Nasc idir an  bhfoireann Tréadach agus an fhoireann ROS/TF

Soláthar seirbhísí éagsúla do na daltaí cosúil le treo ghairme,scileanna staidéir agus teicnicí staidéir srl. Ag cur a riachtanais oideachasúla speisialta a chur san áireamh

Comhairle ar thacaíochtaí atá ar fáil do mhic léinn le riachtanais oideachasúla speisialta ag an tríú leibhéal agus cabhrú leo iad a bhaint amach m.sh. Scéim D.A.R.E.

 

2.4 Múinteoirí Achmhainne:

 

Múineadh dalta/daltaí atá tacaíocht fhoghlama uatha

Obair leis an múinteoir tacaíocht fhoghlama, an dalta,tuistí chun P.I.O’s a dhéanamh agus a fhorbairt

Comhairle a chur ar fáil do na múinteoirí ábhair faoi straitéisí múineadh agus foghlama a oibríonn leis an dalta do riachtanais an dalta faoina chúram.

 

2.5 Cúntóirí um Riachtanais Speisialta:

 

Beidh freagrachtaí an chúntóra curtha in oiriúint do riachtanais an dalta faoina chúram.

Cabhair a thabhairt maidir le turasanna, siúlóidí, s rl

Cabhair a thabhairt le linn tionóil, sosa agus ag deireadh an lae.

Cabhair a thabhairt don mhúinteoir ranga sa rang lasmuigh do mhúineadh an ranga de.

Bheith ina scrúdaitheoir chúnta do na daltaí le R.S nuair is cuí.

Obair le daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine eile i gcoitinne.

Cabhair a thabhairt maidir le pleanáil, cur le chéile agus cur i bhfeidhm plean oideachais an dalta.

Cabhair a thabhairt maidir le hanailís agus athmhachnamh ar na próisis in úsáid .

Bheith aireach go gcaithfear bheith discréideach.

Tá na freagrachtaí seo leagtha amach mar fhreagrachtaí an chúntóra de réir an Roinn Oideachais is Scileanna.

 

3.Cinnirí Bliana/Múinteoirí Ábhair

Chun atmaisféar cuimsitheach a chothú sa rang/sa bhlianghrúpa faoina gcúram ag cur stíleanna foghlama éagsúla daltaí san áireamh agus béim ar mhodhanna teagaisc idirdhealaithe ionas go dtagann na daltaí cothrom ar an gcuraclam ag an leibhéal cuí.

Chun eolas a bhailiú mar gheall ar na riachtanais oideachasúla speisialta atá ag aon dalta ina rang /sa bhlianghrúpa faoina gcúram  agus aon imní atá acu faoin dalta a chur in iúl don fhoireann T.F.

 

 

 

  1. Tuistí

Tá ról lárnach agus riachtanach ag tuistí /caomhnóirí chun cabhrú le múineadh/foghlaim sa scoil.

Tá eolas tábhachtach le hofráil acu a chabhródh le héifeacht aon mheastachán nó aon chabhair a chuirfí ar bun.Seolfar foirm chun síniú  chucu a lorgóidh cead don mheastachán agus don chabhair.

Tugtar cuireadh do thuistí dul I dteagmháil leis an bhfoireann T.F. i rith na bliana nó ag cruinnithe tuistí

Má thagraítear dalta do mheastachán,cuirfear in iúl do na tuistí/caomhnóirí agus tugtar cuireadh dóibh é a phlé agus cabhrú le forbairt agus athbhreithniú  aon phlean indibhidiúil oideachais.

 

  1. Daltaí:

 

Chun páirt a ghlacadh I gcur le chéile aon phlean foghlama agus bunús spriocanna foghlama  a bhaineann leo féin . Má dheintear é seo,beidh sé tábhachtach go n-aithneofaí an pháirt seo in aon phlean.

Chun comhoibriú leis an bplean atá déanta lena dtoil agus cabhrú leis an athbhreithniú.

 

Critéir a chinnteoidh go n-éireoidh leis an bpolasaí:

 

  • Ionchur agus aiseolas an mhúinteora
  • Feabhas ar thorthaí na scrúduithe (measúnú, sa scoil, scrúduithe stáit)
  • Feabhas ar aird agus ar rannpháirtíocht an dalta.
  • Ionchur agus aiseolas ón múinteoir.
  • Chun dul chun cinn in aidhmeanna plean oideachais an dalta a shroichint.
  • Nasc a choimeád le tuismitheoirí/caomhnóirí.
  • Oideachas a chríochnú sa mheánscoil agus leanúnachas go tríú leibhéal.
  • Cumas a shroichint sna Scrúduithe Stáit.
  • Cruinniú R.S / Cruinniú Foirne.
  • Athbhreithniú ar an bplean agus é a choinneáil suas chun dáta.

 

Athbhreithniú ar an bPolasaí:

 

Athbhreithnífear an polasaí go rialta le comhoibriú na bPáirtnéirí Oideachasúla

 

Glacadh leis an bPolasaí:

Tar éis dul i gcomhairle leis na pairtnéirí oideachsúla, ghlac an bainisteoir/bord bainistíochta leis an bpolasaí seo.

 

Sínithe: _______________________             Sínithe: _________________________

 

(Bainisteoir/Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta)            (Príomhoide)

 

Dáta: _________________________                        Dáta____________________________

 

Dáta an chéad athbhreithniú eile: _________________________________________