Idirbhliain 2

Emma Ní Chonchúir agus Ellie Ní Éalaithe

 

 

GAISCE

Ar an 18ú lá de mhí Márta, chuaigh mé go dtí Kilfinane i gContae Luimneach. D’fhan mé in óstallán i Kilfinane ar feadh oíche amháin. Chuaigh mise, Erin, Sadie, Tara, Shauna, Michael, Donnacha, Zac agus Iníon Tóibín ag a ceathrú chun a hocht ar maidin. Bhí Iníon Ní Mhaoldomhnaigh, Bláthnaid agus Caitlin thuas ann cheanna féin mar bhí orthu 50 km a shiúl agus bhí orainn 25 km a shiúl. Shroicheamar an t-óstallán ag timpeall a naoi a chlog, chuamar go dtí an siopa agus thosaíomar ag siúl. Thosaíomar ag siúl ag timpeall a deich a chlog agus chríochnaíomar ag siúl ag timpeall a trí a chlog. Bhíomar fliuch báite. Chuaigh mé isteach sa chith agus chuir mé mo pyjamas orm. D’imríomar cluichí bóird, d’éisteamar le ceol agus d’fhéachamar ar an teilifís. Bhí ar dinnéar againn agus ghlanamar an chistin tar éis é. Chuamar ár gcodladh ansin mar bhí lá fada againn an lá tar éis. D’éirigh mé ar a naoi a chlog agus rinne mé mo bhricfeasta. Thosaíomar ag siúl ag timpeall leath uair tar éis a haon déag agus d’fhilleamar ar ais go dtí an t-óstallán ag a leath uair tar éis a ceathair chun an bus a fháil abhaile. Go hiomláin idir an dhá lá shiúlamar 32 km. Bhí mé tuirseach traochta ach bhain mé an taitneamh as!!

Foireann Camógaíochta

Dé Máirt seo chaite, an 26ú lá Feabhra, bhí mé agus an foireann camógaíochta fé 16.5 ag imirt sa cluiche craobh Chorcaí fé 16.5 A. Bhíomar ag imirt in aghaidh Ceann Toirc. Bhuamar an cluiche. Bhí áthas an domhain orainn. Tháinig muintir 1/2/4 AG thuas go dtí an pháirc chun tacaíocht a thabhairt dúinn. Fuaireamar an coirn agus chaumar síos go dtí an seomra gléasta ag céilliúradh. Tar éis an chluiche fuaireamar píotsa. Bhain mé an taitneamh as an lá seo !!

 

Turas Sciála san Ostair

Chaitheamar seachtain san Ostair ar an turas sciála ó 5ú Eanáir go 12ú Eanáir 2019. Bhuaileamar ar scoil ar timpeall a naoi a chlog.Chuamar chuig aerfort Bhaile Átha Cliath chun eitilt a fháil go Munich. Fuaireamar bus ainsin ó Munich go Ehrwald san Ostair. Chuamar chuig an óstán ar an mbus. ‘Sonnenburg’ an t-ainm atá ar an óstán. Shroicheamar an t-óstán ag timpeall leath uair tar éis a deich. Ansin thug an t-óstán bia dúinn agus fuaireamar ár dtrealamh sciála ar fad don tseachtain. D’fhan mé i seomra le Ellie, Katie, Ailsh, agus Elannah. Gach lá d’éiríomar ar a leathuair tar éis a seacht agus bhí bricfeasta againn. D’ith mé calóga don mo bhricfeasta. Bhíomar ag fanacht san ionad sciála agus thosaíomar ag sciáil ag a deich a chlog. Bhíomar ag sciáil gach lá ó deich go dtí a dó dhéag. Ansin d’itheamr ár lón. Don lón, bhí rudaí cosúíl le sceallóga agus píotsa, sceallóga agus sicín agus anraith. Ag a dó chuamar amach ag sciál arís. Chríochnaíomar ag sciáil ag a ceathar a chlog.

Bhí sé deacair an sciáil a dhéanamh ar dtús. Chuaigh mé i dtaithí air tar éis cúpla lá agus bhain mé sár taitneamh as! Don chéad ceithre lá d’fhanamar ar na fánaí in aice leis an óstán ach don dá lá deirnach chuamar ar bus go dtí sliabh nua. Jasper an t-ainm a bhí ar ár dteagascóir sciála. Fear óg é Jasper. Rugadh Jasper san Ísiltír. Ar an lá deireaneach níor tháinig Jasper chun an grúpa a mhúineadh ach fuaireamar teagascóir nua darb ainm Joost. Bhí Joost an dheas freisin. Nuair a chríochnaíomar ag sciáil ag a ceathar a chlog thángamar ar ais agus d’athraíomar ár gcuid éadaí. Ansin chuamar síos go dtí an seomra comónta. Sa semora comónta bhí bord púil agus beár. Ag a sé a chlog nó leath uair tar éis a sé bhí dinnéar againn. Bhí an bia ann an-deas. Tar éis an dinnéir bhí gníomhaíochtaí againn. Chuamar ag snámh ceithre uair sa tseachtain. Chuamar go dtí taispeántas sciála, chuamar go dtí an siopa agus don oíche deireaneach chuamar go dtí bialann beag. Thaitin sé go mór liom. Bhí sé an-fhuar san Ostair lá amháin chuaigh an teocht síos chomh íseal le -11 céim. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an seachtain sin go deo. Bhain mé an taitneamh as agus cinnte rachaidh mé ag sciáil arís.

Ag Bailiú Airgid d’Age Action

Ar an gceathrú lá de mhí Dheireah Fómhair chuaigh mé agus cúpla cailíní eile isteach go dtí an cathair chun airgead a bhailiú do Age Action. Shiúlamar isteach go dtí an chathair ag a deich a chlog. Chríochnaíomar ag a haon a chlog agus shiúlamar ar ais ar scoil

Delphi 5-9 Samhain

An tseachtain seo caite, chuaigh an rang go léir ar turas eachtraíochta go dtí Delphi i gcontae Maigh Eo. D’fhágamar an scoil go luath maidin dé luan agus thóg an turas timpeall 5 uair an chlog. Tháinig Máistir Seartan, Iníon Ní Dhuinín agus Inion Ní Shuilleabháin linn. Nuair a shroicheamar an áit , thug na ceannairí cáint dúinn. Chuaigh siad tríd na rialacha linn agus labhair siad faoi cad a bheimid ag déanamh i rith na seachtaine. Ansin fuaireamar ár seomraí.                                                          

I rith na seachtaine rinneamar an-chuid imeachtaí eagsúla cosúil le surfáil, ag rith tríd bog,ag dreapadóireacht ag dul ar cadhc , ag snámh, agus chuamar ar zip-líne. An imeacht ab fhearr liom ná an zip-líne mar i mo thuairim bhí sé an taitneamhach.  Níór thaitin an surfáil liom mar bhí sé ró fuair. Bhí na seomraí an-compordach agus bhí spraoi agus craic againn i rith na hoíche.Bhain gach duine taitneamh as an turas agus nuair a shroicheamar abhaile bhí tuirse an domhain orainn.

Ré Ó Laighléis sa Linn Dubh

Ar an Máirt 9ú Deireadh Fómhair , chuaigh an rang go dtí an leabharlann i Linn Dubh i gcomhair ceardlann le Ré Ó Laighléis. Scríobh sé na leabhair ‘Ecstacy’ agus ‘Gafa’. Ag an gceardlann seo, léigh sé cúpla caibidil dúinn ón leabhar ‘Ecstacy’. Sa leabhar seo , déantar bulaíocht ar chailín óg scoile. Cuirtear drugaí ina póca agus tugann grúpa cailíní léasadh di sa leithreas.Bíonn uirthi drugaí a dhíol timpeall na scoile. Bhí an deis againn ceisteanna a chur ar an údar. Thaitin an cheardlann seo go mór le gach éinne.

 

Ag fail na torthaí scrúdaithe….

Fuaireamar ár dtorthaí don Teastas Sóiseareach ar an gCéadaoin 12ú Méan Fomhair 2018. Chuamar isteach sa halla agus bhíomar roinnte inár ranganna. Thug na múinteoirí ár dtorthaí dúinn i gclúdach litreach. Bhí mé an-sásta le mo thorthaí féin. Fuair mé onóracha i ngach rud.Tar éis scoile chuaigh mé i gcomhair béile le mo theaghlach. Chuamar go dtí an Spitjack. Bhí sé go hálainn. Bhain mé an-taitneamh as an dioscó. Bhí mo chairde go léir ann. 

Gougane Barra

Ar an Aoine an 31ú lá de mhí Lúnasa chuaigh mise agus mo bhliain go dtí Gougane Barra. Tháinig mé ar scoil ar a fiche chun a naoi. Bhuail mé le mo rang sa seomra ranga. Tháinig an múinteoir isteach agus rinne sé an rolla. Bhí dhá bhus ann. Chuaigh leath den bhliain ar bhus amháin agus chuaigh an leath eile ar an mbus eile.
Bhíomar ar an mbus ar feadh timpeall uair go leith.  Nuair a shroicheamar Gougane Barra bhí sé ag cur báistí. Ag timpeall leath uair tar éis a deich, thosaíomar ag siúl i dtreo na sléibhe. Tar éis timpeall leath uair an chloig ag siúl, shroicheamar an sliabh. Bhí rogha againn, dul ar an slí éasca nó an slí níos deacra. Phioc mé an tslí níos deacra. Chuamar suas a lán céimeanna agus nuair a shroicheamar an barr, chuamar síos na céimeanna arís. Shiúlamar ar ais go dtí an bus.
Ar an slí thar n-ais chonaic mé loch agus séipéal bheag a bhí go hálainn. Stop mé chun féachaint ar an radharc álainn. Tar éis é sin, chuamar ar ais go dtí an bus. Bhí an turas abhaile an mhaith. Chaith mé an turas ag caint le mo chairde. Tháinig mé abhaile ag timpeall leath uair tar éis a dó. Bhí cead againn dul abhaile ansin. Bhíomar fliuch báite ach bhain mé an-taitneamh as !!