Grúpa Ceoil

Tá ceol an-tábhachtach sa scoil seo.  Bhuamar Craobh na hÉireann dhá uair sa chomórtas tallainne Scléip.  Bíonn ceol againn mar ábhar scoile don Teastas Sóisearach agus don Ardteist.  Bíonn cleachtadh againn gach Céadaoin tar éis scoile, agus bíonn fáilte roimh ceoltóirí nua i gcónaí!