Attendance

 Ráiteas Straitéise i leith Freastal Scoile

 

 

Ainm na scoile Gaelcholáiste Mhuire AG
Seoladh Gaelcholáiste Mhuire AG,An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh
Uimhir Rolla 62531H
Fís agus luachanna na scoile i ndáil le freastal Tá fís agus luachanna i dtaobh freastail fite fuaite lenár ráiteas misin,cúig bhuntréith de chuid scoileanna Éamainn Rís agus ár bhfealsúnacht DEIS.Maireann Gaelcholáiste dár ndaltaí. Is é dul chun cinn agus folláin gach dalta príomh-bhreithniúchán gach cinneadh a bhaineann lenár múinteoirí agus lenár mBord Bainistíochta. Creidimid in oideachas iomlánaíoch do na daltaí atá faoina ár gcúram.Cuirimid béim ar chomhionannas ar dhearfacht ó thaobh atmaisféar na scoile de agus an caidreamh idir múinteoirí,daltaí agus tuistí/caomhnóirí.

 

Aithnímid go bhfuil dea-fhreastal tábhachtach do dhaltaí chun a bpoitéinsiúil a bhaint amach agus go gcuirimid an tacaíocht agus an timpeallacht ar fáil sa scoil chun cabhrú leis seo.Tacaíonn Alt 22(1) den Acht Oideachais 2000 leis an aitheantas seo.

Tnútháin mhóra na scoile i dtaobh freastail Tá tnútháin mhóra na scoile i dtaobh freastail mar bhunchloch amháin dár bplean DEIS.Tá fo-choiste nua bunaithe  chun obair ar chúrsaí tinrimh sa scoil.Tá sé ar intinn againn ath-bhreithniú ar ár straitéisí chun feabhas a chur ar  fhreastal agus eolas a bhailiú a chabhraíonn le spriocanna áirithe a chruthú don bhfeabhas seo.
Conas a ndéanfar monatóireacht ar fhreastal ·         Bíonn monatóireacht ar thinreamh go leictreonach ar VS Ware déanta ag na múinteoirí ranga ó thosach an lae.

·         Má tá daltaí déanach,deintear taifeadadh de ar an gcóras

·         Má imíonn dalta ón scoil caithfidh sé nó sí síniú amach i leabhar speisialta san oifig

·         Déanann na cinnirí bliana seiceáil ar thinreamh a ngrúpaí gach lá.

·         An lá a fhilleann an dalta ó a bheith as láthair,bíonn orthu nóta a thaispeáint do na múinteoirí agus cinnirí bliana.

·         Moltar do na tuistí glao a chur ar an oifig ar an lá más féidir chun a chur in iúl dúinn an chúis leis an neamhláithreacht.

·         Seoltar litreacha chuig tuistí/caomhnóirí má tá níos mó ná 10 lá agus níos mó ná 20 lá caillte ag an dalta.

·         Deinfear teagmháil leis na tuistí agus leis na daltaí má fheictear patrún neamhláithreachais neamh ghnách chun caint faoi na cúiseanna agus faoi spriocanna a leagan amach chun feabhas a chur ar fhreastal na ndaltaí.

·         Tuairiscíonn Gaelcholáiste Mhuire neamhláithreachas  faoi rialacha TUSLA don EWO agus do TUSLA.

 

Achoimre ar na príomhghnéithe de chur chuige na scoile i leith freastail

·         Spriocanna a leagan síos agus spriocanna

·         An cur chuige uile scoile

·         Freastal maith a chur chun cinn

·         Freagairt do dhrochfhreastal

·         Beidh spriocanna bunaithe ar na firicí ar thinreamh atá á mbailiú le linn ár bpleanáil DEIS.

·         Tá fo-choiste bunaithe chun anailís níos doimhne a dhéanamh ar chúrsaí thinrimh.

·         Spriocanna atá roghnaithe i mbliana ná

1.      Eolas faoi chúrsaí tinrimh a bhailiú, a phlé agus a scaipeadh i measc pobal na scoile

2.      Líon na ndaltaí thar 20 lá neamhláithreachas a laghdú fá  2%

·         Ócáidí Teagmhála le tuistí agus daltaí… caint faoi thábhacht tinrimh… m.sh. oíche eolais tuistí na Céad Bliana,cruinnithe tuistí/oidí, oícheanta eolais,cruinnithe chomhairle na dtuistí,comhairle na ndaltaí.

·         Aithnítear go mór dea-fhreastal ar Oíche na nGradam.Bronntar teastais ar dhaltaí le sár thinreamh ar an oíche.

·         Ceiliúradh daltaí le 8 mbliana nó níos mó a théann go dtí Halla na Cathrach ina mbronntar gradaim speisialta orthu

·         Feachtais inscoile tinrimh thar seachtain nó mí áirithe eagraithe ag comhairle na ndaltaí

·         Bíonn na  himeachtaí eis churaclama sa scoil mar áis iontach chun dea-fhreastal a chothú.

·         Cabhraíonn ár gcóras tréadach agus tacaíocht fhoghlama leis na daltaí chun dul i ngleic leis na fadhbanna mar chúis leis an neamhláithreachas.

·         Cuireann na cinnirí bliana in iúl don TBSP (Teangabhalaí Baile Scoile Phobail) daltaí le tinreamh mí-shásúil.Úsáidtear cuairteanna baile chun daltaí a spreagadh teacht ar scoil agus tacaíocht a thabhairt do na tuistí.

 

Rólanna na scoile i dtaobh freastail Príomhoide/Leas-phríomhoide

·         Tugann siad ceannaireacht chun éiteas agus atmaisféar scoile a chruthú a thacaíonn le hardleibhéil rannpháirtíochta agus freastail. ƒ

·         Bíonn siad i gceannas ar athbhreithniú agus ar chur i bhfeidhm Straitéis Freastail na scoile. ƒ

·         Cuireann siad socruithe i bhfeidhm chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar An Ráiteas Straitéise faoi Fhreastal Scoile a fhorbairt.

·         Tugann siad deiseanna do na baill foirne páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt Straitéis Freastail na scoile agus i monatóireacht a dhéanamh uirthi.

·         Spreagann siad  naisc a dhéanamh le scoileanna agus eagraíochtaí eile i dtaobh  fadhbanna freastail scoile. ƒ

·         Cuireann an leas-phríomhoide fadhbanna ar leith maidir le freastal in iúl do Sheirbhísí Leasa Oideachais Tusla agus dár nOifigeach Leasa Oideachais  agus cabhraíonn siad le hobair an Oifigigh Leasa Oideachais le daltaí a bhfuil deacrachtaí ollmhóra freastail acu.

Cinnirí Bliana/TBSP

·         Déanann na cinnirí bliana seiceáil ar thinreamh a ngrúpaí gach lá.

·         Seiceáileann siad nótaí ,teastais leighis srl ó thuismitheoirí/caomhnóirí a mhíníonn an neamhláithreacht.

·         Deineann siad teagmháil leis na múinteoirí, na tuistí agus leis na daltaí má fheictear patrún neamhláithreachais neamh ghnách chun caint faoi na cúiseanna agus faoi spriocanna a leagan amach chun feabhas a chur ar fhreastal na ndaltaí.

·         Seolann siad litreacha chuig tuistí/caomhnóirí má tá níos mó ná 10 lá agus níos mó ná 20 lá caillte ag an dalta.

·         Cuireann na cinnirí bliana in iúl don TBSP/ Leas-phríomhoide daltaí le tinreamh mí-shásúil.Úsáidtear cuairteanna baile chun daltaí a spreagadh teacht ar scoil agus tacaíocht a thabhairt do na tuistí.

 

 

Múinteoirí ƒ

·         Cruthaíonn siad timpeallacht ranga agus bainistiú ranga a thacaíonn le rannpháirtíocht agus go háirithe le daltaí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol drochfhreastail.

·         Ard-tnútháin a leagan síos ó thaobh poncúlachta agus freastail ina gcuid seomraí ranga. ƒ

·         Dea-shampla a thabhairt trína bheith poncúil iad féin.

·         A chinntiú go ndéantar sonraí tinrimh a thaifeadadh go cruinn agus go ndéantar athbhreithniú orthu de réir nósanna imeachta na scoile. ƒ

·         Más rud é go mbíonn na múinteoirí buartha faoi dhaltaí a bheith as láthair, an méid sin a chur in iúl do na baill foirne cuí. Tacú leis an bplean freastail i gcás daltaí a bhfuil deacrachtaí acu freastal ar scoil ar bhonn rialta. ƒ

·         Tacú le daltaí atá tar éis tréimhsí scolaíochta a chailliúnt nuair a thagann siad ar ais.

Tuismitheoirí ƒ

·         Caighdeáin arda a leagan síos dá bpáiste maidir le freastal agus poncúlacht. ƒ

·         Teagmháil a dhéanamh leis an scoil má tá fadhb ann faoi fhreastal a bpáiste agus tacú le pleananna chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

·         A chinntiú go bhfreastalaíonn a bpáiste ar scoil go rialta agus go dtagann sé nó sí ar scoil in am.

·         Gan a bpáiste a thabhairt amach ón rang mura bhfuil cúis thromchúiseach leis. ƒ

·         Gan a bpáiste a thabhairt ar laethanta saoire le linn téarmaí scoile más féidir.

 

 

Daltaí

·         Bíonn freagracht ag an dalta as freastal ar scoil ar bhonn rialta agus go poncúil.

·         Bíonn ar na daltaí a chur in iúl don scoil má tá fadhb mar chúis le neamhláithreacht.

·         Bíonn daltaí freagrach as nótaí óna dtuistí/caomhnóirí a thaispeáint do na  múinteoirí agus cinnirí bliana.

 

 

Socruithe comhpháirtíochta (tuismitheoirí,daltaí,scoileanna eile,grúpaí óige,seirbhísí éagsúla agus pobail) ·         Páirtnéireacht idir na Daltaí/tuistí/caomhnóiri leis na muinteoiri ranga agus cinnirí bliana

·         TBSP I dteagmháil le heagraíochtaí áitiúla chun tacaíocht áirithe a chur ar fáil,leis na bunscoileanna agus meánscoileanna áitiúla (TBSPs eile) chun patrúin neamhláithreachas clanna agus ceantair a phlé

·         Ag obair le seirbhísí eile cosúil le NEPS,NCSE, TUSLA,Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh,Barnardos,Jigsaw,Coiscéim, srl chun cabhair a chur ar fáil don dalta agus don chlann

Conas a ndéanfar monatóireacht ar an Ráiteas Straitéise

Doiciméid Áisiúla

·         Déanfar monatóireacht ar an ráiteas gach bliain mar chuid dár bplean tinrimh DEIS.

·         Tá straitéis 3 bliana i bhfeidhm..2017-2020

 

Doiciméid Aisiúla:

·         Don’t let your Child Miss Out – NEWB 2004

·         Education Welfare Act 2000

·         Education Act 1998

·         Section 29 Education Act

·         Circular 0028/2013

·         TUSLA: Developing the Statement of strategy for school attendance 2015

An Próiseas Athbhreithnithe agus an dáta don athbhreithniú Tá stádas DEIS faighte ag an scoil don chéad uair sa scoilbhliain seo 2017-2018.

Dá bhrí sin,tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ag deireadh na scoilbhliana seo.

Dáta: Nollaig 2018

An dáta inar ghlac an Bord Bainistíochta leis an Ráiteas Straitéise Le glacadh ag an gcéad chruinniú eile dár mBord Bainistíochta ar an 22-01-2018.
An dáta a cuireadh an Ráiteas Straitéise faoi bhráid Tusla 15-12-2017