Anti-Bullying Policy

Polasaí Frithbhulaíochta

Gaelcholáiste Mhuire AG

 

  1. I gcomhréir le riachtanais an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na dtreoirlínte faoi chód

iompair a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais tá an beartas frithbhulaíochta seo a leanas glactha ag Bord Bainistíochta Gaelcholáiste Mhuire AG mar chuid de chód iompair iomlán na scoile. Géilleann an beartas go huile agus go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile a foilsíodh i Meán Fómhair 2013.

 

 

  1. Aithníonn an Bord Bainistíochta a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a

d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.

 

(A)    Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil:

  • ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht;
  • ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i
  • dtimpeallacht neamhbhagrach; agus ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;

(B)    Ceannaireacht éifeachtach;

(C)    Cur chuige scoile uile;

(D)    Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige

(E)     Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a

mhúscailt)

  • a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus
  • ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;
  • Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí;
  • Tacaíochtaí don fhoireann;
  • Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus
  • Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.

 

 

  1. I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú ar bhulaíocht:

 

An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile.

 

Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:

 

  • duine a fhágáil as an áireamh d’aon ghnó, gabháil do chúlchaint mhailíseach agus do chineálacha eile caidrimh bhulaíochta idir dhaoine;
  • cibearbhulaíocht; agus
  • bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.

 

Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d’iompar diúltach d’aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.

 

Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.

 

Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.

 

 

Ní liosta cuimsitheach é an liosta samplaí seo thíos

 

 

 

Samplaí d’Iompraíochtaí Bulaíochta

 

Iompraíochtaí a bhaineann le gach saghas bulaíocht

 

·            Ciapadh bunaithe ar cheann ar bith de na naoi bhforas sa reachtaíocht comhionannais e.g. ciapadh gnéasach, bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníocht, etc.

·            Forrántacht fhisiciúil

·            Damáiste do mhaoin

·            Leasainmneacha a ghlaoch

·            Cleithmhagadh

·            Pictiúir, focail i scríbhinn, nó ábhar eile a tháirgeadh, a thaispeáint nó a scaipeadh atá dírithe ar dhuine eile a imeaglú

·            Graifítí maslach

·            Sracadh (extortion)

·            Imeaglú

·            Gothaí maslaitheacha nó gáirsiúla

·            ‘Amharc’ faoi leith

·            Cur isteach ar spás pearsanta

·            Meascán de na cinn a luaitear.

 

 

Cibearbhulaíocht

 

·            Tromaíocht: Ráflaí, bréaga nó biadán a scaipeadh  chun dochar a dhéanamh do cháil duine eile

·            Ciapadh: Teachtaireachtaí oilc, suaracha nó gáirsiúla a sheoladh chuig duine go leanúnach

·            Pearsanú: Teachtaireachtaí maslaitheacha nó forrántacha a phóstáil faoi ainm duine eile

·            Gríosadh: Úsáid a bhaint as focail gháirsiúla nó ghríosaitheacha chun troid ar líne a spreagadh

·            Cleasaíocht: Dallamullóg a chur ar dhuine eolas pearsanta a roinnt agus an t-eolas sin a úsáid ar líne ina dhiaidh sin

·            Sceitheadh: Eolas nó íomhánna rúnda a phostáil nó a roinnt

·            Leithcheal: Leithcheal a dhéanamh ar dhuine ó ghrúpa ar líne d’aon ghnó

·            Cibear-stalcaireacht: Ciapadh agus tromaíocht leanúnach a fhágann go mbíonn eagla a b(h)eatha/a s(h)ábháilteachta ar duine

·            Glao tostach gutháin/gutháin phóca

·            Glao maslach gutháin/gutháin phóca

·            Teachtaireacht téacs mhaslach

·            Teachtaireacht ríomhphoist mhaslach

·            Cumarsáid mhaslach ar líonraí sóisialta nó ar chonsóil chluichí

·            Ráitis/Blaganna/Pictiúir mhaslacha idirlín

·            Postálacha maslacha ar cineál ar bith teicneolaíochta cumarsáide

Iompraíochtaí bunaithe ar Aitheantas

Lena n-áirítear aon cheann de na naoi bhforas idirdhealúcháin a luaitear sa Reachtaíocht um Chomhionannas  (inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine agus toisc gur den Lucht Taistil iad).

 

Homafóbach agus Trasinscne

 

·            Ráflaí a scaipeadh faoi chlaonadh gnéasach duine

·            Tathant ar dhuine a bhfuil claonadh gnéasach difriúil aige/aici

·            Leasainmneacha a ghlaoch, e.g. aerach, casta, lúbtha, a úsáidtear chun caitheamh anuas ar dhuine

·            Imeaglú fisiciúil nó ionsaí

·            Bagairtí

 

Cine, náisiúntacht, cúlra eitneach agus ballraíocht de phobal an Lucht Taistil, Creideamh

 

·            Idirdhealú, réamhchlaonadh, ráitis nó maslaí a bhaineann le cine, náisiúntacht, cultúr, aicme shóisialta, creideamh, cúlra, eitneach nó an Lucht Taistil

·            Leithcheal de bhun aon cheann acu seo thuas

 

 

 

Caidreamhach

 

Is éard atá i gceist anseo caidrimh a mhí-ionramháil mar bhealach chun bulaíocht a dhéanamh. Ar na hiompraíochtaí tá:

·            Biadán maslach

·            Leithcheal agus aonrú

·            Neamhaird

·            Leithcheal ó ghrúpa

·            Cairde a bhaint de dhuine

·            Ráflaí a scaipeadh

·            Rún a sceitheadh

·            Caint sách ard le go gcloisfeadh an t-íobartach í

·            ‘Amharc’ faoi Leith

·

Gnéasach ·            Ráitis nó tadhall gnéasach míchuí nó gan choinne

·            Ciapadh

 

Riachtanais Speisialta Oideachais,

Míchumas, Daltaí le sarchumais

·         Leasainmneacha a ghlaoch

·         Tathant ar dhaoine eile mar gheall ar a míchumas nó riachtanais foghlama

·         Teacht i dtír ar leochaileachtaí daltaí eile agus ar a gcumas teoranta bulaíocht a aithint agus iad féin a chosaint

·         Teacht i dtír ar leochaileachtaí daltaí eile agus ar a gcumas teoranta cúinsí sóisialta agus leideanna sóisialta a aithint agus iad féin a chosaint.

·         Athris a dhéanamh ar mhíchumas duine eile

·         Ceap magaidh a dhéanamh de dhaoine eile

 

 

 

  1. Seo a leanas an múinteoir/na múinteoirí ábhartha a dhéanfaidh bulaíocht a imscrúdú agus a

dhéileálfaidh léi:

 

 

Is iad na Múinteoirí ábhartha  sa scoil seo:   Cinnirí bliana

 

 

Féadfaidh múinteoir ar bith gníomhú mar mhúinteoir ábhartha  más gá.

 

 

 

 

  1. Seo a leanas na straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear straitéisí a dhírítear go sonrach ar chibear bhulaíocht agus ar bhulaíocht bunaithe ar aitheantas, go háiririthe bulaíocht homafóbach agus trasfóbach) a bheidh in úsáid sa scoil:

 

Cur chuige na scoile ina hiomláine

·         Cur chuige na scoile ina hiomláine chun meas ar gach ball de phobal na scoile a chothú.

·         Luach na héagsúlachta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhearcaí claonta agus chun aird a tharraingt ar a dho-ghlactha is atá iompraíocht bhulaíochta.

·         Féinmheas a chothú agus a fheabhsú i measc na ndaltaí uile trí ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim araon. Tabharfar deiseanna do dhaltaí féinmheas dearfach a fhorbairt trí idirghníomhaíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla.

·         Forbairt ghairme don fhoireann go léir i dtaca leis an mbulaíocht d’fhonn a chinntiú go mbeidh tuiscint ag an bhfoireann ar fad ar cad is bulaíocht ann, ar an gcaoi a dtéann sí i bhfeidhm ar shaol na ndaltaí agus ar an ngá a bhíonn ann freagairt di agus i a chosc.

·         Athbhreithniú bliaintúil ar gánna CPD na múinteoirí, le eolas a bhailiú faoi na scíleanna agus an taithí atá ag múinteoirí na scoile.

·         Forbairt ghairme le fócas faoi leith ar oiliúint a chur ar na múinteoirí ábhartha .

·         Feachtas feasachta agus oiliúna don scoil ina hiomláine i dtaca le gach gné den bhulaíocht, lena n-áirítear, tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) agus pobal níos leithne na scoile.

·         Maoirseacht agus monatóireacht ar sheomraí ranga, ar dhorchlaí, ar thalamh na scoile, ar thurasanna scoile agus ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tabharfar ar bhaill foirne nach mbíonn ag teagasc agus ar bhaill eile a bheith san airdeall agus eachtraí a chur in iúl do na múinteoirí ábhartha. Beidh maoirseacht i gceist leis i dtaca leis an úsáid a bhaineann daltaí as teicneolaíocht cumarsáide sa scoil.

·         Rannpháirtíocht chomhairle na ndaltaí i dtimpeallacht shábháilte scoile a chruthú e.g.  Córas páirtíochta, meantóireacht, Cairde Lóin agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile a d’fhéadfadh tacú le daltaí agus cultúr comh-mheasa agus tacaíochta a spreagadh.

·         Forbairt agus cur chun cinn Cód Frithbhulaíochta don scoil le cur i ndialanna na ndaltaí agus le cur ar taispeáint i seomraí ranga agus in áiteanna poiblí sa scoil.

·         Pléitear beartas frithbhulaíochta na scoile le daltaí agus tugtar cóip de do gach tuismitheoir/caomhnóir mar chuid de Chód Iompraíochta na Scoile (gach bliain).

·         Bearta rialta (e.g. gach bliain/gach téarma/gach mí/gach seachtain) feasachta a chur i bhfeidhm ar fud na scoile e.g. clár fógraí faoi leith sa scoil agus i seomraí ranga maidir le cairdeas a chothú, agus bulaíocht a chosc; Seachtain Chairdis gach bliain agus seimineáir le tuismitheoirí/caomhnóirí; suirbhéanna bliantúla/téarma/míosúla ar dhaltaí; tionóil rialta scoile nó bhliainghrúpa faoi stiúir an phríomhoide, an leas-phríomhoide, na gceann bliana, etc.

·         Cultúr insinte a spreagadh, agus béim faoi leith ar thábhacht na bhfinnéithe. Ar an gcaoi sin beidh muinín ag daltaí as a bheith ag insint. Tá gné seo na muiníne ríthábhachtach. Ba chóir a chur in iúl go soiléir do gach dalta agus iad ag tuairisciú eachtraí bulaíochta nach ag insint ná ag sceitheadh atá siad ach ag gníomhú go freagrach.

·         Deimhin a dhéanamh de go mbeidh a fhios ag daltaí cé dó ba chóir dóibh a insint agus conas é a dhéanamh, e.g.:

o   Dul caol díreach chuig múinteoir ag am feiliúnach, mar shampla tar éis ranga.

o   Nóta a thabhairt isteach leis an obair bhaile.

o   Glao gutháin a chur ar an scoil nó ar mhúinteoir sa scoil a bhfuiltear muiníneach as/aisti.

o   Tabhairt ar thuismitheoir(í)/ar chaomhnóir(í) nó ar chara insint.

o   Ceistneoir rúnda a thabhairt do gach dalta uair sa téarma.

o   Deimhin a dhéanamh de go dtuigeann finnéithe an tábhachtach a bhaineann lena bhfeiceann siad nó lena bhfuil ar eolas acu faoin mbulaíocht atá ar bun a insint.

·         Prótacail shoiléire a shonrú chun tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) a spreagadh dul chun na scoile más dóigh leo go bhfuil bulaíocht á déanamh ar a leanbh. Ba chóir an prótacal a chur le chéile i gcomhar le tuismitheoirí.

·         Beartas um Úsáid Inghlactha a chur le chéile sa scoil lena n-áirítear na céimeanna cuí chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar monatóireacht dhian ar úsáid na teicneolaíochta sa scoil, cuir i gcás úsáid a bhaint as gutháin phóca.

·         Ranganna Gaeilge idir daltaí 4AG agus daltaí 1AG, ceardlann agus modúil sláintiúil, aoi-chainteoirí, litríocht Gaeilge is Béarla agus tacaí eile atá sa scoil mar shampla BeLonGTo www.belongto.org

 

Curaclaim a chur i ngníomh

·         Cur i ngníomh iomlán na gcuraclam SPHE agus CSPE agus na gclár RSE.

·          Forbairt Ghairme Leanúnach don fhoireann agus na cláir sin á seachadadh.

·         Ceachtanna ar an mbulaíocht bunaithe ar fhianaise a sheachadadh ar fud na scoile, e.g. Cool School Lessons, #UP2US,  The Walk Tall Programme, On My Own Two Feet.

·         Ceachtanna a sheachadadh ar Fhorrántacht Chaidreamhach (Cool School Programme: A Friend in Deed),  ar an gCibearbhulaíocht (#UP2US, Be Safe-Be Web wise, Think Before you Click, Let’s Fight it Together), ar an mBulaíocht Hómafógach agus Thrasfóbach(Growing up LGBT, Stand Up Programme, The Trust pack ) ar an Éagsúlacht agus an Idirchultúrachas. Baineann an scoil úsáid as gach acmhainn a bhaineann leis an gcuraclam SPHE a liostú mar aon leis na tacaí.

·         Cláir SPHE an Gharda Síochána a sheachadadh. Pléann na ceachtanna seo, a thugann Gardaí Pobail, ceisteanna a bhaineann le sábháilteacht phearsanta agus cibearbhulaíocht.

·         Féachfaidh an scoil, go háirithe, i leith riachtanais bhreise na ndaltaí SEN maidir le cláir a chur i bhfeidhm agus scileanna agus straitéisí a fhorbairt a chuirfeadh ar chumas gach daltaí freagairt go cuí.

 

               Naisc le beartais eile

·         Liostaigh beartais, cleachtais agus gníomhaíochtaí scoile a bhaineann leis an mbulaíocht, e.g. Cód Iompraíochta, Beartas Cosanta Leanaí, Maoirseacht daltaí, Beartas um Úsáid Inghlactha, Beartas Tinrimh agus Rannpháirtíochta

 

  1. 6. Seo a leanas straitéisí na scoile chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a

dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d’iompar bulaíochta (Féach

Roinn 6.8.9  de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile):

 

Gnásanna chun Bulaíocht a Fhiosrú agus Láimhseáil

 

Is é an phríomhaidhm a bhaineann le bulaíocht a fhiosrú agus a láimhseáil ná ceisteanna a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe a shlánú, a oiread agus is féidir (seachtas milleán a leagan ar dhuine);

 

Ní mór do ghnásanna na scoile cloí leis an gcur chuige seo a leanas.

Déanfar gach iarracht a chinntiú go dtuigfidh gach duine atá rannpháirteach (daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí san áireamh) an cur chuige sin ón tús.

 

 

 Iompraíocht Bhulaíochta a Thuairisciú

 

  • Féadfaidh dalta nó tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) ar bith eachtraí bhulaíochta a chur in iúl do mhúinteoirí ar bith sa scoil.
  • Fiosróidh agus láimhseálfaidh an cheannaire bliana gach tuairisc, ina measc tuairiscí anaithnide.
  • Ní mór do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc, cuir i gcás rúnaithe, cúntóirí riachtanas speisialta (SNA), tionlacaithe bus, airígh, glantóirí aon eachtraí d’iompraíocht bhulaíochta a fheiceann siad nó a luaitear leo a chur in iúl don cheannaire bliana.

 

Eachtraí a Fhiosrú agus a Láimhseáil Stíl an Chuir Chuige

  • Agus é/í ag fiosrú agus ag láimhseáil na bulaíochta, tabharfaidh an ceannaire bliana a b(h)reithiúnas féin féachaint ar tharla bulaíocht nó nár tharla agus conas is fearr an cás a réiteach.
  • Éilítear ar thuismitheoirí/ar chaomhnóirí agus ar dhaltaí comhoibriú le cibé fiosrú a dhéanfar agus cuidiú leis an scoil ceist ar bith a thiocfadh aníos a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe a shlánú, a oiread agus is féidir, a thúisce agus is féidir.
  • Ba chóir do ceannaire bliana cur chuige fionnuar neamh-mhóthúchánach réitithe fadhbanna a ghlacadh.
  • Ba chóir eachtraí a láimhseáil, a oiread agus is féidir, lasmuigh den seomra ranga d’fhonn príobháid gach rannpháirtí a chinntiú.
  • Ba chóir gach agallamh a dhéanamh chomh híogair agus is féidir agus cearta na ndaltaí á nglacadh san áireamh. Is féidir le daltaí nach bhfuil baint dhíreach acu leis an gcás eolas úsáideach a chur ar fáil mar seo a leanas:
  • Agus eachtraí d’iompraíocht bhulaíochta á n-anailísiú, ba chóir don ceannaire bliana iarracht a dhéanamh na ceisteanna cén rud, cén áit, cén duine, agus cén fath a fhreagairt. Ba chóir é sin a dhéanamh go deas suaimhneach, agus sampla á thabhairt den chaoi ar chóir déileáil le coinbhleacht gan dul i muinín na forrántachta.
  • D’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach freisin a iarraidh orthu siúd a bhí i gceist cuntas a scríobh ar ar tharla.
  • I gcásanna go gcinneann an ceannaire bliana gur tharla iompraíocht bhulaíochta, ba chóir teagmháil a dhéanamh le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) na bpáirtithe go luath d’fhonn an tarlúint a chur in iúl dóibh agus míniú a thabhairt ar na gníomhartha a bheifear a dhéanamh (agus tagairt á déanamh do bheartas na scoile). Ba chóir don scoil deis a thabhairt do thuismitheoirí/do chaomhnóirí plé a dhéanamh ar na bealaí lenar féidir leo tacú leis na gníomhartha atá an scoil a dhéanamh agus  leis na tacaí atáthar a chur ar fáil do dhaltaí;
  • Sa chás go gcinneann an ceannaire bliana  go raibh iompraíocht bhulaíochta ar bun ag an dalta, ba chóir a chur in iúl go soiléir dó/di an sárú a rinne sé/sí ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus ba chóir iarracht a dhéanamh tabhairt air/uirthi an cás a fheiceáil ó dhearcadh an dalta a d’fhulaing an bhulaíocht;
  • Ní mór a chur in iúl go soiléir do gach rannpháirtí (gach tacar daltaí agus múinteoirí/caomhnóirí) i gcás ar bith a gcaitear smachtbhannaí araíonachta a chur i bhfeidhm gur ceist phríobháideach atá ann idir an dalta a bheidh faoi smachtbhanna, a t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóirí agus an scoil.

 

Gníomh leantach agus cuntas

 

  • Agus cinneadh á dhéanamh ar déileáladh go cuí agus go leordhóthanach leis an gcás bulaíochta, ní mór don ceannaire bliana, agus breithiúnas gairmiúil á thabhairt aige/aici, na cúinsí seo a leanas a ghlacadh san áireamh:

– An bhfuil deireadh tagtha leis an iompraíocht bhulaíochta;

– An bhfuil ceisteanna idir na páirtithe réitithe, a oiread agus is féidir;

– An bhfuil caidreamh idir na páirtithe slánaithe, a oiread agus is féidir;

– Aiseolas ar bith a fuarthas ó na páirtithe rannpháirteacha, óna dtuismitheoir(í)/a gcaomhnóir(í) nó ó phríomhoide nó leas-phríomhoide na scoile

  • Ba chóir cruinnithe leantacha ar leithligh a shocrú leis na páirtithe leasmhara féachaint an bhféadfaí iad a thabhairt le chéile tráth níos déanaí má bheidh an dalta a d’fhulaing an bhulaíocht réidh agus toilteanach.
  • I gcás nach mbíonn tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) sásta gur dhéileáil an scoil leis an gcás bulaíochta de réir na ngnásanna seo, ní mór gnáthaimh ghearáin na scoile a chur in iúl do na tuismitheoir(í)/caomhnóir(í), mar is cuí.
  • I gcás gur bhain an/na tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) leas as gnáthaimh ghearáin na scoile agus nach bhfuiltear sásta fós, ní mór don scoil a chur in dóibh go bhfuil an cheart acu gearán a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.

 

 

Iompraíocht  Bhulaíochta a chuntas

 

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí gach eachtra de bhulaíocht a chuntas ar bhealach oibiachtúil agus fíorasach.

 

Seo a leanas gnásanna na scoile maidir le hiompraíocht bhulaíochta a chuntas agus a thuairisciú:

 

       Réamhdhearbhú neamhfhoirmiúil gur tharla bulaíocht

  • Ní mór do gach ball foirne cuntas i scríbhinn a choinneáil d’ eachtraí a fheiceann siad nó a chuirtear in iúl dóibh. Ní mór gach eachtra a thuairisciú don mhúinteoir ábhartha .
  • Cé nár mhór don cheannaire bliana gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí anaithnide, de bhulaíocht a fhiosrú agus a láimhseáil, ní mór don mhúinteoir ábhartha cuntas i scríbhinn a choinneáil ar na tuairiscí, ar na gníomhartha a glacadh agus ar aon phlé a rinneadh leis na rannpháirtithe
  • Ní mór don cheannaire bliana gach eachtra atáthar a fhiosrú a chur in iúl don phríomhoide.

 

      Foirmiúil  –  1  Dearbhú gur tharla bulaíocht

  • Má dhearbhaíonn an cheannaire bliana gur tharla bulaíocht, ní mór don cheannaire bliana cuntas cuí i scríbhinn a choinneáil a chuideoidh leis/léi na ceisteanna a réiteach agus na caidrimh a shlánú, a oiread agus is féidir, idir na páirtithe leasmhara.
  • Coiméadann an cheannaire bliana a chuntas agus beidh cóip curtha i bhfillteán an dalta chomh maith.

 

 

         Foirmiúil –  2 Aguisín 3 (Gnásanna Foirmiúla na Roinne Oideachais agus Scileanna)

Ní mór don cheannaire bliana an teimpléad cuí in Aguisín 3 a úsáid chun an iompraíocht bhulaíochta a chuntas i ngach uile chas.

 

Nuair a bhaintear úsáid as an teimpléad cuntais, ní mór don cheannaire bliana  é a choinneáil agus ní mór don phríomhoide cóip de a choinneáil. Coinnítear na cuntais seo i bhfillteán na daltaí

 

 

Straitéisí Idirghabhála Seanbhunaithe

  • Agallaimh idir an múinteoir agus gach dalta
  • Comhaontuithe idir daltaí a idirbheartú agus iad a leanúint le próiseas monatóireachta. Is féidir é seo a dhéanamh ar bhealach neamhfhoirmiúil nó a chur i bhfeidhm trí phróiseas idirghabhála níos struchtúrtha
  • Oibriú le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) chun tacú le hidirghabhálacha scoile
  • Cuir chuige Gan Milleán
  • Am Ciorcail
  • Agallaimh Athshlánúcháin
  • Comhdháil Athshlánúcháin
  • Ceistneoirí sochghraim a chur i bhfeidhm
  • Piar-idirghabháil sa chás go ndearnadh oiliúint chuí

 

Luann na Gnásanna na straitéisí idirghabhála seo a leanas agus déantar tagairt do Ken Rigby;

www.bullyingawarenessweek.org/pdf/BullyingPreventionStrategiesinSchools Ken Rigby.pdf

  • An cur chuige traidisiúnta araíonachta
  • An t-íospartach a láidriú
  • Idirghabháil
  • Cleachtas Athshlánúcháin
  • Modh an Ghrúpa Tacaíochta
  • Modh na Comhbhá

 

  1. Seo a leanas clár tacaíochta na scoile do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu:

 

 

·         Cuirfear gach tacaíocht agus deis in-scoile ar fáil do dhaltaí a fhulaingíonn an bhulaíocht chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a leagtar amach chun a bhféinmhuinín a mhéadú, cairdeas agus scileanna sóisialta a fhorbairt agus seasmhacht a láidriú, e.g.

– Córas tréadchúraim

– Córas meantóireachta Piara / Páirtíochta

– Córas Teagascóra/Ceann Bliana

– Foireann na Meithle Cúraim/Meithle Tacaíochta do Dhaltaí

– Obair i ngrúpaí, cuir i gcás am ciorcail

 

·         Má bhíonn comhairleoireacht nó tacaí breise de dhíth ar dhaltaí, déanfaidh an scoil a dícheall dul i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí cuí chun é sin a eagrú. D’fhéadfadh sé gur don daltaí a fhulaingíonn an bhulaíocht nó a bhíonn i mbun na hiompraíochta bulaíochta é sin.

·         Ba chóir do dhaltaí a thuiscint nach mbíonn aon fhinnéithe gan locht ann agus gur chóir gach iompraíocht bhulaíochta a chur in iúl do mhúinteoir.

 

  1. Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí

Deimhníonn  an Bord Bainistíochta go bhfuil cleachtais agus beartais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta  i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.

 

Seans go mbeadh na Leidcheisteanna seo a leanas úsáideach agus an ghné seo den bheartas á meas:

 

An bhfuil cleachtais aontaithe mhonatóireachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm sa scoil?

  • Ar sonraíodh cúinsí contúirteacha bulaíochta?
  • An ndeacthas i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus leis na daltaí agus na cúinsí contúirteacha bulaíochta á sonrú?
  • Cén chaoi a dtacóidh na struchtúir thacaíochta/chúraim do dhaltaí (lena n-áirítear cinn bhliana, teagascóirí ranga, múinteoirí Treorach, RE, CSPE, SPHE, HSCL, Tacaíochta Foghlama) le bearta chun dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta?
  • Cén chaoi a mbeidh daltaí, go háirithe daltaí sinsearacha, rannpháirteach mar acmhainn chun cuidiú le dul i ngleic leis an mbulaíocht? An ndearnadh machnamh ar chóras páirtíochta/meantóireachta chuige sin?
  • Cén chaoi a mbeidh comhairle na ndaltaí agus clubanna na scoile rannpháirteach?
  • Maidir leis an mBeartas um Úsáid Inghlactha sa scoil, an dtugtar aghaidh ar na ceisteanna seo a leanas:
  • An ndéanann múinteoir maoirseacht ar gach seisiún idirlín?

·         An ndéanann an scoil monatóireacht rialta ar úsáid an idirlín i measc na ndaltaí?

·         Ar tugadh treoir do dhaltaí gan ach cuntais cheadaithe ranga a úsáid ar mhaithe le ríomhphoist agus gan iad a úsáid ach faoi mhaoirseacht an mhúinteora?

  • Ar tugadh treoir do dhaltaí gan úsáid a bhaint as seomraí comhrá, fóram díospóireachta agus teachtaireachtaí ná aon fhóram cumarsáide leictreonaí eile ach amháin na cinn sin a cheadaíonn an scoil?
  • (Tabhair faoi d’aire gur bhlocáil an Clár Leathanbhanda le haghaidh Scoileanna gach láithreán líonraithe shóisialta ar an mbonn gur cur amú ama iad go n-ídíonn siad an iomad den leathanbhanda a chuirtear ar fáil do chuspóirí oideachais).

 

 

  1. An Ciapadh a Chosc

 

 

Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.

 

 

  1. Ghlac an Bord Bainistíochta an beartas seo an _____________________ [dáta].

 

 

  1. Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile,www.gaelcholáistemhuireag.ie agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.

 

 

 

  1. Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú i uair amháin i ngach

scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile www.gaelcholáistemhuireag.ie agus do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh a chur ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.

 

 

 

Sínithe: _______________________________     Sínithe: ___________________________

(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta)                 (Príomhoide)

 

 

Dáta: ______________                                           Dáta: __________________

 

Dáta an chéad athbhreithnithe eile: Márta 2017

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Appendix 3 Template for recording bullying behaviour

 

  1. Name of pupil being bullied and class group

 

Name _________________________________________Class__________________

 

  1. Name(s) and class(es) of pupil(s) engaged in bullying behaviour
_________________________________________________________________________________

_________________________________________________________________________________

_________________________________________________________________________________

 

3. Source of bullying concern/report (tick relevant box(es))*     4. Location of incidents (tick relevant box(es))*    
Pupil concerned     Playground    
Other Pupil     Classroom    
Parent     Corridor    
Teacher     Toilets    
Other     School Bus    
      Other    
  1. Name of person(s) who reported the bullying concern
 

 

 

  1. Type of Bullying Behaviour (tick relevant box(es)) *
Physical Aggression   Cyber-bullying  
Damage to Property   Intimidation  
Isolation/Exclusion   Malicious Gossip  
Name Calling   Other (specify)  

 

  1. Where behaviour is regarded as identity-based bullying, indicate the relevant category:

 

Homophobic Disability/SEN related Racist Membership of Traveller community Other (specify)

 

         

 

  1. Brief Description of bullying behaviour and its impact
 

 

 

 

  1. Details of actions taken
 

 

 

 

Signed ______________________________ (Relevant Teacher)   Date ___________________________

Date submitted to Principal/Deputy Principal ___________________

* Note: The categories listed in the tables 3, 4 & 6 are suggested and schools may add to or amend these to suit their own circumstances.