Iománaíocht

Tá baint ollmhór ag spórt le stair na scoile. I measc na hiar-imreoirí Chorcaí a d’fhreastail ar an scoil seo ná Seán Óg Ó hAilpín. Tá timpeall 100 dalta ag imirt iománaíochta sa scoil faoi láthair agus timpeall 12 mhúinteoir ag cabhrú chomh maith. Tá 5 fhoireann ag an scoil ó Fé14 go Fé18.5 agus tá an scoil ag glacadh páirt i gComórtas Corn an Artaigh le 5 bliana anuas anois, éacht iontach do scoil bheag. Ta Craobh na Mumhan Fé15 aus Craobh Chorcaí Fé16 buaite le déanaí chomh maith. Bhí Evan Ó Síocháin agus Dónal Ó Conaing ag imirt le foireann mhionúir Chorcaí i mbliana agus tá roinnt daltaí eile ag imirt le Corcaigh chomh maith ó Fé14 ar aghaidh.

Féach ar Evan Ó Síocháin anseo:
What a finish this was! GAANOW brings you this clip of a superb goal from Evan Sheahan of Cork from the 2017 Electric Ireland GAA All-Ireland Minor Hurling Final between Cork and Galway

http://www.gaa.ie/gaa-now/evan-sheehan-goal/