Scléip

 

Buaiteoirí Craobh Na hÉireann Scléip!

Daithí Ó Déin, Shane Ó Ceallachain, Dean Hornibrook, Conchúr Ó Dúgáin

Bhí togha na tallainne ag Craobhchomórtas Scléip 2016 a d’eagraigh Gael Linn ar an 4 Feabhra, 2016.  Is comórtas náisiúnta tallainne é Scléip a reáchtálann Gaelscoileanna a thugann scoláirí iar-bhunscoile lán-Ghaelacha ó gach cearn den tír le chéile chun a gcuid spéiseanna agus dtallanna a chur os ár gcomhair.  Thaistil suas le 300 scoláire ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na tíre, go hamharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath don ócáid.

Ba iad na ceoltóirí agus cumadóirí Cian Mac Cárthaigh, Enda Reilly agus Méabh Ní Thuathaláin a bhí ag moltóireacht ar na comórtais seo.  Ar dtús, thugadar léirmheas ar a raibh feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as siamsaíocht den scoth a chur i láthair.  Ghlaoigh said amach na buateoirí  agus fuair na buachaillí ón AG an gcéad áit sa  Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan!  Anois bhí sé in am chun an buateoir iomlán a fhogairt.  an grúpa, nó an duine is fear sna comortaisí go?  Bhuaigh Gaelcholáiste Mhuire an cead áit!  An AG abú!