Tháinig Ard-mhéara Chorcaí Mick Finn ar cuairt chun na scoile ar an Aoine seo chaite. Thug sé óráid dearfach do na daltaí. Labhair sé leo faoi iarracht a dhéanamh ar scoil, agus mhol sé dóibh leas a bhaint as a dtréimhse sa scoil agus comhoibriú leis na múinteoirí chun na torthaí is fearr a fháil.