Turas go dtí Guagán Barra

  

Ar an Aoine an céad lá Meán Fómhair rinne an idirbhliain turas go dtí Guagán Barra.  Is áit nádúrtha álainn agus stairiúil é.   Bhaineamar an-taitneamh as an turas.  Buíochas le Dia bhí an aimsir go deas, bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn!  Rinneamar siúlóid síochánta tríd an bhfaraois.  Chonaiceamar ainmhithe mar coiníní agus caoirigh.  Chuaigh roinnt daltaí suas go barr an tsléibhe chun radharc níos fearr a fháil.  Bhí sé dian ach sa deireadh, b’fhiú go mór é.  Chanamar cúpla amhrán sa séipéal beag agus d’fhoghlaimíomar níos mó faoi stair na háite.  Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil leis na múinteoirí a tháinig linn, Iníon Ní Dhuinín, Iníon Ní Mhurchú, Máistir Ó Conchubhair agus Iníon Ní Chróinín.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *